cumannóigeáthaanrí.com
Blog

Blog

Our recent successful summer camp

Constitution of Cumann Óige Átha an Rí

Cumann Óige Átha an Rí

Bunreacht agus Rialacha

1       Spriocanna

Bunaíodh Cumann Óige i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe 1 Márta 2012. Tagann an bhallraíocht ó mhuintir na háite, é dírithe ar dhaoine óga (idir pháistí óga agus déagóirí) is ar a dtuismitheoirí. Is iad na spriocanna atá ag an chumann ná:

  • An Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga thart ar cheantar Bhaile Átha an Rí.
  • Imeachtaí de gach saghas a réachtáil trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga.
  • Tionscadail/tograí éagsúla a chur i gcrích i nGaeilge.
  • Comhoibriú cultúrtha i leith na Gaeilge a nascadh is a neartú trí grúpaí pobail éagsúla. Béim ar leith a dhíriú ar ghrúpaí óige agus an Ghaeilge a chothú ina measc.

2.(a) Ballraíocht:           Éinne gur spéis leo a bheith páirteach i saol na Gaeilge i measc an aois-ghrúpa seo i mBaile Átha an Rí. Níl aon airgead le híoc le bheith mar ball.

(b) Cruinnithe agus an Cruinniú Cinn Bhliana:  Ba cheart go mbeadh ar a laghad ceithre chruinniú ag Coiste an Cumann Óige i rith na bliana. 

Ba chóir go mbeadh cruinniú cinn bhliana a bheith ar siúl idir an 1ú Eanair agus deireadh Mhí Márta. Beidh ar Rúnaí an Choiste dáta an Chruinniú Chinn Bhliana a shocrú agus an dáta sin a sheoladh amach chuig na baill agus an chruinniú a fhógairt go poiblí. Beidh ar na baill an chéad coiste eile a roghnú ag an Chruinniú Chinn Bhliana. Is féidir le ball ar bith ceist a ardú ag an chruinniú chinn bhliana má chuireann siad i scríbhínn é chuig an rúnaí seachtain roimhe. Glacfar le rúin le vóta an tromlaigh ach amháin nuair is gá leasaithe a dhéanamh ar an mbunreacht. Is gá dhá thrian de na baill chun é seo a chur i bhfeidhm.

(c) Coiste: Comhdhéanamh an choiste ná: Cathaoirleach, rúnaí, cisteoir, oifigeach chaidrimh poiblí agus ar a laghad beirt eile.